Comhrá – Máire Feirtéar

This is a transcript with audio of the first three minutes of the episode of Comrá featuring Máire Feirtéar. The transcription was done by the Redditor 0regan0 so please throw him some up votes.

Go mbeannaí Dia dhaoibh agus tá fáilte romhaibh ag clár na seachtaine seo. Bean as An Rinn ar an gCeathrún Rua a bheas ag comhrá liom ar an gclár seo anocht, sin í Máire Feirtéar. Ní shin sloinne, anois, go deimhin, a bhí an-choitianta sa Rinn ar an gCeathrún Rua, ná tada mar é, ach phós sí Breandán Feirtéar as Dún Chaoin sa mbliain 1970, agus chaitheadar cúig bliana déag ag cónaí ó dheas i gCiarraí. Tá siad ar ais anois ina gcónaí, bail ó Dhia orthab, ar an gCeathrún Rua, agus ansuim ag Máire i ngaolta agus i gcanúintí agus seanfhocla agus rudaí dhen chineál sin. Céad fáilte, a Mháire.

Go raibh míle maith agat, a Mháirtín.

B’fhéidir go bhfuil sé chomh maith agam tosaí leis na gaolta nach bhfuil, mar sin? Ó labhair muid orthab! Bí ag inseacht dhúinn dhe do chine féin ar an gCeathrún Rua agus, b’fhéidir, cé chomh fada siar is atá tú in ann a ghabháil leob.

Bhuel tá rud amháin gur féidir leat – nó go bhféadfadh muid – roimhe seo, a Mháirtín, a ghabháil siar ar ár ngaolta, mar go mbíodh ainm na muintire orthab. Agus tá sé sin ag dul i léig anois agus is mór an truaidh é. Mar is cuimhneach liomsa, mar shampla, nuair a bhí mé ag breathnú ar Griffith’s Valuation 1850, bhí mé in ann mo sheanmhuintir a dhéanamh amach díreach mar gheall go raibh a fhios agam cén t-ainm a bhí ar mo shin-sheanathair.

Sea.

An áit go raibh mise i mo chónaí, bhí muid inár gcónaí ar an áit a dtugaidís An tSráid Thíos air – agus bhí comharsannaí geanúla ansin againn – agus tá mo mhuintirse ansin, isteach is amach, is dóigh. Má chuireann tú ainm na muintire (mar is mise Máire Stephen Stiofáin Choilm Mhaitiú Sheáin Shadhbh) agus má thugann tú cúig bliana fichead do chuile ghlúin, bhuel déarfainn go bhfuil muid isteach is amach ann ins an áit chéanna – 

Sea.

Le thart ar thrí chéad bliain.

Trí chéad bliain!

Anois, deireadh m’athair, abair, roimhe sin gur – ón nGleann in Uachtar Ard a tháinigeadar –  roimhe sin, agus gur beirt deartháireacha a tháinig, agus gur tháinigeadar roimhe sin aduaidh ar ndóigh, mar…

Anoir as an nGleann in Uachtar Ard?

Sin é anois a deirtear fúthu.

M’anam gur airigh mé go dtáinig cuid de na Seáiníní anoir freisin as, níl a fhios agam an bhfuil aon ghaol againn le chéile, ós ag caint ar ghaolta…

M’anam d’fhéadfadh go mbeadh! Go bhfuil gaol againn i bhfad amach le chéile.

B’fhéidir go bhfuil.

Bhí fear ansin, an dtuigeann tú, go dtugaidís Murchadh na hOrdóige air, ach le gabháil siar agus le gabháil ar ais is rud a bhí mé á rá leat faoi bheith in áit amháin, deireann an béaloideas linn nach maireann aon sloinne in aon áit níos mó ná seacht nó ocht de ghlúnta. 

Sea.

Agus más sin é, tá – má tá sé sin fíor – tá an bua faighte againn ar an nginiúint!

Tá! Bhí mé ag gabháil a rá go raibh sibh ag teacht ar an tanaí píosa ó shin ach tá sé gabhte thairis anois, bail ó Dhia oraibh.

Tá sé gabhte thairis.

Tá. Muintir Stephen, ab ea?

Muintir Stephen Stiofáin. Sin iad muintir m’athara. 

Sea.